Foilsítear go bliantúil ar shuíomh gréasáin na Roinne na critéir a úsáidtear i gcomhair leithdháileadh poist mhúinteoireachta. Is é sceideal foirne na scoilbhliana atá i gceist agus cláruithe daltaí ar an 30 Meán Fómhair roimhe sin an bhuntoisc a úsáidtear chun an leibhéal acmhainní foirne ag leibhéal scoil ar leith a sholáthraítear a shocrú.
Feidhmítear an sceideal foirne ar bhealach soiléir, trédhearcach agus caitear le gach scoil den chineál céanna go cothrom, beag beann ar an áit a bhfuil scoil suite.
Is é Príomhoide agus 24 múinteoir ranganna príomhshrutha an leibhéal foirne réamh-mheasta fadtéarmach (LTPS) don scoil ar thagair an Teachta di. D'fhonn freastal ar éileamh ar áiteanna scoile sa cheantar, ceadaíodh don scoil an 25ú múinteoir ranganna príomhshrutha a cheapadh i leith na bliana acadúla reatha. Le fógairt Gaelscoil nua ocht seomra ranga le freastal ar an gceantar, a oscolófar i Meán Fómhair 2017, cuirfear ar chumas na scoile atá i gceist a leibhéil foirne a athchothromú ar aon dul leis an LTPS atá socraithe agus a chinntiú nach rachadh an leibhéal foirne thar acmhainn an fhoirgnimh, scoil 24 seomra ranga.