Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2017

Thursday, 13 July 2017

Questions (292)

Éamon Ó Cuív

Question:

292. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheadófar cóiríocht shealadach do scoil (sonraí tugtha) lena húsáid fad a bheidh oibreacha móra ar bun ar an scoil féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34156/17]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil iarratas ar chóiríocht sealadach bhreise faighte ag mo Roinn ón scoil a bhfuil an Teachta ag tagairt di. Tá an t-iarratas á bhreithniú agus beidh mo Roinn i dteagmháil go luath le húdarás na scoile faoin ábhar.

Top
Share