Skip to main content
Normal View

Scéim na mBóithre Pobail

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2017

Thursday, 13 July 2017

Questions (467)

Pat the Cope Gallagher

Question:

467. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sí maoiniú éigeandála a sholáthar le cóiriú a dhéanamh ar bhóithre portaigh sna bailte fearainn seo a leanas, Srath na Bruaí, Slíothán, Mám an tSean Tí agus Loch na nGrianán i nGaoth Dobhair, a ndearna tuilte damáiste dóibh le gairid, á chur i gcuntas go bhfuil corradh le 100 teaghlach nach bhfuil ar a gcumas móin a thabhairt abhaile de bharr staid na mbóithre; cad iad na pleananna atá aici le feabhas a chur ar na bóithre i mBaile na Finne a ndearnadh damáiste dóibh sna tuilte le gairid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34296/17]

View answer

Written answers

Tá Scéim na mBóithre Portaigh faoina mbíodh cúnamh airgid ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre portaigh ar fionraí le tamall de bhlianta anuas. Mar a tugadh le fios sna freagraí ar Cheisteanna Dála (Uimhir 382 & 383) ar 30 Bealtaine 2017 agus ar Cheist Dála (Uimhir 993) ar 20 Meitheamh 2017, i s i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, atá luaite mar sprioc faoi leith i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta, a dhéanfaí aon chinneadh maidir le hathmhúscailt na scéime.

Top
Share