Skip to main content
Normal View

Scéim na nOibreacha Éigeandála

Dáil Éireann Debate, Monday - 11 September 2017

Monday, 11 September 2017

Questions (312)

Pearse Doherty

Question:

312. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuarthas Iarratas ar Oibreacha Éigeandála atá curtha isteach ag scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) chun dul i ngleic leis an bhfadhb taise atá ann i bhfoirgneamh na scoile; cathain a bheidh cinneadh déanta faoin iarratas seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37010/17]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil an t-iarratas ar mhaoiniú d’obair éigeandála faighte ón scoil dá bhfuil an Teachta ag tagairt.

Tá cead i bprionabal tugtha don mhaoiniú agus, dá réir, tá sé sin curtha in iúl don scoil. Chun rudaí a bhrú ar aghaidh, tá cead tugtha Sainchomhairleoir a sholáthar chun scóip na n-oibreacha is gá chun dul i ngleic leis an bhfadhb a aithint agus chun costais a sholáthar.

Nuair a bhíonn an t-eolas faighte agus scrúdaithe ag mo Roinn, beifear ábaltá faomhadh an tionscadail a chur ar bhonn foirmiúil.

Top
Share