Tá sé i gceist agam Ceisteanna Parlaiminte 339 go 341 a thógáil le chéile.
Scríobh mo Roinn chuig Príomhoide na scoile dá raibh tagairt déanta ag an Teachta i mí Iúil 2016 ina n-áiríodh go mbreathnaíonn an Roinn go dearfach de ghnáth ar iarratais ar chóiríocht a chur ar fáil do Naíonraí, ach nuair a cuireadh an t-iarratas áirithe seo isteach, bhí saincheisteanna ann a bhí á meas sa chomhthéacs i gcoitinne maidir le soláthar naíonraí ar réadmhaoin scoileanna. San áireamh sna saincheisteanna seo bhí comhaontuithe réadmhaoine agus dlíthiúla, rialachas, árachas agus cúrsaí dliteanais. Bhí comhairle dlí á meas.
Cuireadh in iúl don Phríomhoide go raibh na saincheisteanna seo á meas mar chuid den athbhreithniú i gcoitinne laistigh den Roinn maidir leis na riachtanais atá le bheith bunaithe maidir le húsáid réadmhaoin na scoile do sheirbhísí naíonraí agus iarscoile agus maidir le hullmhúchán na dtreoirlínte a bhaineann leis seo.
Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil na treoirlínte maidir le húsáid foirgneamh scoile curtha i gcrích agus go bhfuil siad le foilsiú go luath. Beidh na treoirlínte seo i bhfeidhm i ngach scoil agus ní bhaineann siad le gaelscoileanna amháin. A luaithe agus a fhoilseofar na treoirlínte seo, beidh mo Roinn i dteagmháil le húdaráis na scoile chuí i dtaca leis an scoil a ndearna an Teachta tagairt di.
Níl taifid láraithe de na gaelscoileanna a fuair cead pleanála do naíonraí ag an Roinn. Ach, más mian leis an Teachta eolas a lorg maidir le scoil ar leith, tabharfaidh oifigigh ó mo Roinn cuidiú duit maidir le ceist ar leith.