Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 September 2017

Wednesday, 20 September 2017

Questions (270)

Éamon Ó Cuív

Question:

270. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheadófar maoiniú chun athchóiriú a dhéanamh ar scoile (sonraí tugtha) agus chun síneadh a chur léi, chomh maith le cóiríocht shealadach a chur ar fáil fad is a bheidh an obair ar bun; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39846/17]

View answer

Written answers

Cheadaigh mo Roinn deontas cineachta suntasach i Meán Fómhair 2014 don scoil i dtrácht le haghaidh leathnú buan agus oibreacha athchumraíochta trína ndéanfaí gach cóiríocht réamhdhéanta a bhaint de láithreán na scoile.

Fuair mo Roinn soiléiriú i dtaca le moladh le haghaidh réimse níos leithne d’oibreacha ina bhfuil impleachtaí costais suntasacha i gceist. Tá an t-ábhar á mheas faoi láthair agus beidh mo Roinn i dteagmháil leis an scoil arís maidir leis an ábhar chomh luath agus is féidir.

Top
Share