I mí na Nollag 2015, mar chuid de Phlean Athnuachana na Státseirbhíse, eagraíodh Díospóireacht Oscailte ar Pholasaí faoin Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Rinneadh é sin ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don tréimhse cúig bliana amach romhainn.
Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte sin, tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022 á fhoilsiú ag mo Roinn. Ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise, tá plé ar bun ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara éagsúla maidir le spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú.
Cé go n-aithnítear go bhfuil moill áirithe ar an sprioc ama a tugadh sa bhfreagra ar an gCeist Dála atá luaite ag an Teachta, leanfar ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha i dtreo a bheith in ann an plean a fhoilsiú faoi dheireadh an fhómhair.