Skip to main content
Normal View

Scéim na mBóithre Pobail

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 September 2017

Wednesday, 20 September 2017

Questions (368)

Éamon Ó Cuív

Question:

368. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ó Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir le hairgead a chur ar fáil d’uasghrádu bóthair (sonraí tugtha); cén rannóg atá ag plé leis an iarratas sa Roinn; cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir leis an iarratas a bhreithniú; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39847/17]

View answer

Written answers

Ní miste a shoiléiriú ar an gcéad dul síos nach bhfuil aon iarratas ar mhaoiniú na Roinne faighte ó Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an mbóthar a bhfuil tagairt déanta dó sa cheist atá curtha ag an Teachta. Mar is eol don Teachta, bhíodh ciste airgid ag mo Roinn faoina ndéantaí oibreacha feabhsúcháin ar bhóithre áirithe Gaeltachta i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla ábhartha. Mar gheall ar thosca airgeadais tá an ciste agus an scéim faoinar ceadaíodh oibreacha den chineál seo ar fionraí anois.

Tuigim, áfach, go bhfuil mo chomhleacaí, an tAire Gnóthaí Tuaithe agus Pobal ag breathnú ar na féidireachtaí chun scéim bóithre áise a chur i bhfeidhm i 2017.

Top
Share