Skip to main content
Normal View

Pátrúnacht Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 October 2017

Thursday, 12 October 2017

Questions (76)

Éamon Ó Cuív

Question:

76. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil meastóireacht déanta ag a Roinn ar an iarratas ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ar aitheantas do Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, mar mheánscoil neamhspleách dara leibhéal; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43264/17]

View answer

Written answers

Tá iarratas faighte ag an Roinn maidir le Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, le go ndéanfaí machnamh ar stadas neamhspleách a bhronnadh ar scoil an oileáin. Tá an t-iarratas á mheas faoi láthair.

Top
Share