Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2017

Thursday, 19 October 2017

Questions (137)

Éamon Ó Cuív

Question:

137. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth, faoi na tairiscintí nua don tseirbhís farantóireachta chuig na hoileáin, ar féidir leis an gcomhlacht farantóireachta aon táillí calafoirt a ghearrfaidh an tÚdarás Áitiúil a ghearradh ar lucht úsáidte na seirbhíse; cén fáth nach bhfuil an Roinn sásta glacadh leis na táillí sin mar chostais inghlactha ón té atá ag déanamh tairiscintí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44460/17]

View answer

Written answers

Táim ag glacadh leis gur ag tagairt do na táillí atá leagtha síos ag Comhairle Chontae na Gaillimhe dóibh siúd a thagann i dtír ar bháid farantóireachta ag Cé Chill Rónáin, Árainn, atá an Teachta.

Mar gur táillí iad seo a thiteann ar úsáideoirí na cé seachas ar an gcomhlacht farantóireachta a bhailíonn iad ar son na Comhairle Chontae, ní féidir iad a áireamh d’fhonn fóirdheontas a fháil.

Top
Share