Skip to main content
Normal View

Deontais faoi Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 December 2017

Thursday, 7 December 2017

Questions (306)

Éamon Ó Cuív

Question:

306. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil deontais ar fáil ó Údarás na Gaeltachta chun caoi a chur ar bháid thraidisiúnta; má tá, cén cineál cúnaimh atá ar fáil. [52370/17]

View answer

Written answers

Tuigtear dom, tar éis an scéal a bheith fiosraithe, nach bhfuil aon scéim ag Údarás na Gaeltachta faoina bhféadfaí cabhair airgid a fháil chun athchóiriú a dhéanamh ar bháid thraidisiúnta.

Top
Share