Skip to main content
Normal View

Bord Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Questions (1919, 1924, 1943)

Catherine Connolly

Question:

1919. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an mbord nua d’Údarás na Gaeltachta, an bhfuil na comhaltaí nua ainmnithe aici go fóill; má tá, cé hiad na comhaltaí nua; mura bhfuil, cén dáta a dhéanfar cinneadh maidir leis na comhaltaí nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55053/17]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

1924. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a ainmneofar Bord nua Údarás na Gaeltachta; cén chúis atá leis an moill ar an ainmniú, ag cur san áireamh an freagra a fuair mé ar Cheist Pharlaiminte le gairid; an dtuigeann sí an dochar atá á dhéanamh ag an moill seo do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1264/18]

View answer

Pearse Doherty

Question:

1943. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad chuige nach bhfuil bord Údarás na Gaeltachta i bhfeidhm faoi láthair; an bhfuil aon dul chun cinn déanta aici chun bord úr a cheapadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1912/18]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 1919, 1924 agus 1943 le chéile.

D’fhógair mé Bord nua an Údaráis ar 12 Eanáir. Seo a leanas comhdhéanamh an bhoird nua:

Cathaoirleach

Anna Ní Ghallachair : Stiúrthóir, Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.   

Comhaltaí ceaptha ar ainmniúchán Comhairle Chontae Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí faoi seach

John Shéamuis Ó Fearraigh: Bun an Leaca, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Comhairleoir Contae. Ainmnithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

Seán Mac Congamhna: Bóthar Bhéal Átha na Muice, Cill Cheallaigh, Co. Mhaigh Eo. Comhairleoir Contae. Ainmnithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Séamus Walshe: Glann, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe. Comhairleoir Contae. Ainmnithe ag Comhairle Contae Chiarraí.

Séamus Cosaí Mac Gearailt: Na Gleannta, An Daingean, Co. Chiarraí. Comhairleoir Contae agus iarchomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta. Ainmnithe ag Comhairle Contae Chiarraí.

Comhaltaí eile ceaptha ar an mbord de thoradh próiseas poiblí a eagraíodh faoi stiúir an tSeirbhíse um Cheapacháin Poiblí ( PAS)

Eunan Mac Cuinneagáin: Bóthar Glinne, An Charraig Co. Dhún na nGall.

Ian Mac Aindriú: Bóthar Bhéal an Fheadha, Béal an Mhuirthead, Béal an Átha Co. Mhaigh Eo.

Seosamh Ó Laoi: Baile an tSagairt, an Spidéal Co. na Gaillimhe.

Mary Uí Chadhain: Gabhla, Caiseal, Conamara Co. na Gaillimhe.

Siobhán Seoighe: Doire Longáin, Átha Buí Co. na Mí.

Debra Ní Shúilleabháin: Ceapach na gCrann, Maistir Gaoithe, Cill Airne Co. Chiarraí.

Cé gur bord de 12 comhalta atá i gceist, is 11 comhalta atá le ceapadh ar an údar go bhfuil rota i gceist i leith na gceantar is lú Gaeltachta eadhon: Comhairlí Contae na Mí, Phort Láirge agus Chorcaí. Faoin socrú seo, is tréimhse dhá bhliain a bhíonn ag na comhaltaí sin ar bhonn rota eatarthu san ord: An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge. I gcomhréir leis an socrú seo, ceapadh Máire Seosaimhín Breathnach, ainmniúchán Chomhairle Contae Phort Láirge, ar bhord an Údaráis anuraidh don tréimhse 15 Feabhra 2017 go dtí 14 Feabhra 2019.

Top
Share