Skip to main content
Normal View

Scéim na mBóithre Áise

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Questions (1945)

Pat the Cope Gallagher

Question:

1945. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sí cur síos ar na pleananna atá aici maidir le Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun in athuair do bhóithre nach bóithre contae iad, bóithre áise a fhad le tithe agus feirmeacha i gceantar na Gaeltachta amháin. [2064/18]

View answer

Written answers

Níl aon chiste ag an Roinn seo faoina ndéantar maoiniú ar bhóithre. Mar a thuigfidh an Teachta, is faoi na húdaráis ábhartha áitiúla le ceantair Ghaeltachta faoina gcúram atá sé cúram a dhéanamh de na cineálacha bóithre atá luaite sa Cheist. Is tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a chuirtear maoiniú ón státchiste ar fáil chun na críche sin.

Top
Share