Skip to main content
Normal View

Aitheantas Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Questions (378, 408)

Catherine Connolly

Question:

378. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna maidir leis an aighneacht atá curtha faoina bhráid ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) ag lorg aitheantas do Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, céard é stádas na haighneachta sin; go háirithe, an bhfuil cinneadh déanta ina taobh; mura bhfuil cinneadh déanta, cén uair a dhéanfar cinneadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55054/17]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

408. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a thabharfar aitheantas do scoil (sonraí tugtha) mar scoil neamhspleách; cén chúis atá leis an moill ar an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1261/18]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 378 agus 408 le chéile.

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil iarratas ar stádas neamhspleách i leith Choláiste Eoin, Inis Meáin, á bhreithniú faoi láthair. Is i gcomhthéacs na scoileanna oileánda go léir atáthar ag breithniú iarratas na scoile seo le coiste tras-Rannach. Tabharfar an cinneadh d’údarás na scoile a luaithe atá an próiseas breithniúcháin curtha i gcrích.

Top
Share