Is tríd an bpróiseas Meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bhliantúil do mo Roinn agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Léiríonn na sonraí sa tábla seo a leanas an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin ó 2016:
Bliain
|
Caipiteal
|
Reatha
|
Iomlán
|
2016
|
€16,687,000
|
€46,867,000
|
€63,554,000
|
2017
|
€10,967,000
|
€47,852,000
|
€58,819,000
|
2018
|
€10,467,000
|
€52,128,000
|
€62,595,000
|
Tá allúntas de €62.6 milliún ina iomláine ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2018 i gcomparáid le €58.8 milliún do 2017. Allúntas €63.6 milliún a cuireadh ar fáil do 2016. Ní áiríonn figiúirí 2016 an €2.4 milliún breise a cuireadh ar fáil i gcaipiteal breise d’Údarás na Gaeltachta. Ní áiríonn figiúirí 2017 an €2.61 milliún breise a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó fho-mhíreanna eile na Roinne.
Tharla laghdú ar an allúntas caipitil le haghaidh 2017 de bharr go raibh dhá mhórthogra caipitil aonuaire le maoiniú ag an Roinn in 2016. Mar is eol don Teachta, b'iad sin togra Ché Inis Oírr agus Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh. Cuireadh €6 mhilliún ar fáil d’oibreacha forbartha ar Ché Inis Oírr in 2016, a úsáideadh le héilimh fhadthéarmacha ó Chomhairle Chontae na Gaeillimhe i leith forbairt Ché an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin agus forbairt Ché Chill Rónáin a shocrú, agus suim de €2 mhilliún don fhorbairt sin in 2017. Bhí soláthar caipitil ar leith de €1.9 milliún curtha ar fáil chomh maith i Meastacháin 2016 chun Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc a fhorbairt. Críochnaíodh an togra sin le linn na bliana 2016 agus ní raibh gá le soláthar a dhéanamh ina leith ó shin in 2017. Maidir le caiteachas reatha, tá ardú ar allúntas mo Roinne ó bunaíodh an Rialtas seo. Cuirfidh an t-ardú seo ar ár gcumas tuilleadh acmhainní a chur i dtreo fhorfheidhmiú na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga ach go háirithe.