Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 February 2018

Tuesday, 6 February 2018

Questions (210)

Éamon Ó Cuív

Question:

210. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a fhoilseofar an dlúthdhiosca a bhaineann leis an scéim “Mar a Déarfá”; agus cén chúis atá leis an moill. [5889/18]

View answer

Written answers

Is cuid de thionscadal de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe/Ros Comáin é ‘Mar a Déarfa’ agus é dírithe mar thús ar fhoghlaimeoirí fásta sa Ghaeltacht. Breacadh is ainm don tionscadal féin.

Tá áiseanna an tionscadail ar fáil ar líne ar www.maradearfa.ie agus níl aon phlean ann faoi láthair, ceal acmhainní, CD a chur ar fáil.

Top
Share