Is iad na hÚdaráis Áitiúla, agus a máthair-Roinn, an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus an Rialtas Áitiúil dá éis sin, atá freagrach, sa chéad ásc, as céanna agus calafoirt faoi úinéireacht Údaráis Áitiúil a chothabháil, a dheisiú agus a fhorbairt.
Soláthraíonn mo Roinn cistiú teoranta, áfach, chun cabhrú le hÚdaráis Áitiúla chun tabhairt faoi thionscadail ar scála beag chun céanna, calafoirt agus fánáin a fhorbairt atá faoina n-úinéireacht faoin gClár um Fhorbairt Bonneagar Cósta agus Calafort Iascaigh, faoi réir an chistithe atá ar fáil ón Státchiste agus tosaíochtaí foriomlána náisiúnta.
Is deas liom an Teachta Dála a chur ar an eolas gur fhaomh mé cistiú €2 milliún do ghné an chláir um Fhorbairt Calafoirt agus Fóillíochta Mara an Údaráis Áitiúil de Chlár um Fhorbairt Bonneagar Cósta agus Calafort Iascaigh 2018 mo Roinne. Cuireann seo leis an €25 milliún a deonaíodh cheana féin d’Údaráis Áitiúla chun cabhrú leo maidir le hoibreacha cothabhála agus forbartha ó 2010 ar aghaidh.
An 31 Eanáir 2018, tugadh cuireadh d’údaráis áitiúla chun liostaí de thionscadail ar tugadh tús áite dóibh a sheoladh ar aghaidh go ndéanfar breithniú orthu. Ba é an 14 Feabhra 2018 an dáta deiridh chun na hiarratais seo a fháil. Fuarthas 188 iarratas agus i ndiaidh measúnú tosaigh a dhéanamh, iarradh ar iarratais mhionsonraithe ó Údaráis Áitiúla maidir le sraith ghearrliostaithe de thionscadail. Is é an dáta deiridh chun na hiarratais mhionsonraithe seo a fháil an 9 Márta 2018.
Déanfar cinneadh ar chomhdhéanamh deiridh chlár 2018 an Údaráis Áitiúil i ndiaidh meastóireacht a dhéanamh ar na haighneachtaí mionsonraithe, agus critéir na scéime, an tús áite a thugann an tÚdarás Áitiúil ábhartha do gach tionscadal, an cistiú atá ar fáil, agus an gá le leathadh fairsing geografach tionscadal a chinntiú. Tá súil leis go gcuirfear na tionscadail in iúl d’Údaráis Áitiúla a bhainfidh cistiú amach in 2018 roimh dheireadh Mhárta.