Skip to main content
Normal View

Scéim na Siúlóidí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 March 2018

Tuesday, 20 March 2018

Questions (913)

Éamon Ó Cuív

Question:

913. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén uair atá sé i gceist aige cur le líon na mbealaí siúlóide a n-íoctar táille bhliantúil le feirmeoirí chun iad a chothabháil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12321/18]

View answer

Written answers

Is í mo Roinnse a dhéanann riaracháin ar Scéim na Siúlóidí, scéim a éascaíonn forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar go leor de na cosáin siúil in Éirinn. Is iad na sealbhóirí talún príomhrannpháirtithe na scéime sa tslí is go gcuireann siad cosáin siúil ardchaighdeán ar fáil agus trí iad a fhostú chun obair chothabhála a dhéanamh ar choda de na príomhshiúlóidí atá ag trasnú a gcuid talún. Faigheann sealbhóirí talún íocaíocht mheasartha ar an obair chothabhála a dhéantar, de réir pleananna oibre comhaontuithe.

Tá 39 cosán ag teacht faoin scéim faoi láthair agus íocaíochtaí déanta le tuairim is 1,900 sealbhóir talún chun na cosáin a chothabháil.

Tá rún agam i mbliana féachaint ar an gcaoi mar atá an scéim ag feidhmiú le breathnú ar an mbealach is fearr lena leathnú a shocrú. Beidh aon chinntí a dhéanfar maidir le siúlóidí nua a chur san áireamh sa scéim bunaithe air seo.

Beidh comhchomhairleoireacht shuntasach le sealbhóirí talún agus le páirtithe leasmhara eile i gceist ach bheadh súil agam, faoi dheireadh na bliana, go mbeadh dul chun cinn déanta maidir le siúlóidí tosaíochta eile a aithint a thiocfadh faoin scéim.

Top
Share