Skip to main content
Normal View

Stádas faoi Mhíbhuntáiste Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 March 2018

Thursday, 29 March 2018

Questions (65)

Éamon Ó Cuív

Question:

65. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas scoile chun bheith aitheanta mar mheánscoil neamhspleách (sonraí tugtha). [14262/18]

View answer

Written answers

Tá coiste athbhreithnithe bunaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais ar fud scoileanna ar oileáin. Tá an obair seo ag an gcéim thosaigh a bhaineann lena forbairt agus déanfar í a chur chun cinn in 2018. Beidh an Roinn i dteagmháil leis na páirtithe ábhartha, an t-údarás scoile dá dtagraítear ina measc. 

Top
Share