Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Iompair

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 April 2018

Tuesday, 17 April 2018

Questions (1283)

Éamon Ó Cuív

Question:

1283. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhfuil i gceist aige rialacha nó dlí a thabhairt isteach lena gcuirfí iallach ar sholáthraithe seirbhísí bus rialta faoi cheadúnas ó ÚNI leithreas a bheith ar a gcuid busanna acu i gcás an tseirbhís do thógáil níos mó ná dhá uair an chloig go dtí an ceann scríbe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15554/18]

View answer

Written answers

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) freagrach as ceadúnú Seirbhísí Paisinéirí Bus Poiblí faoi fhorálacha an Achta um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009. Sheoil mé do cheist chuig an ÚNI le freagra a sheloadh chugat féin go díreach. 

Cuir m’oifig phríobháideach ar an eolas le do thoil, mura bhfaigheann tú freagra laistigh de 10 lá oibre.

 

A referred reply was forwarded to the Deputy under Standing Order 42A.
Top
Share