Skip to main content
Normal View

Scéim na gCúntóirí Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 May 2018

Tuesday, 1 May 2018

Questions (477)

Peadar Tóibín

Question:

477. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a fhoilseofar an t-athbhreithniú ar scéim na gcúntóirí teanga. [18688/18]

View answer

Written answers

Tá tús curtha anois ag an Roinn leis an athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga i gcomhar le Lárionad Taighde agus Foghlama Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Foilseofar an tathbhreithniú in am trátha agus táthar ag súil leis na moltaí a eascraíonn as a chur i bhfeidhm do scoilbhliain 2018/19.

Top
Share