Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 31 May 2018

Thursday, 31 May 2018

Questions (95)

Éamon Ó Cuív

Question:

95. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad é cúis na moille le cead a thabhairt do scoil (sonraí tugtha) dul ar aghaidh le togra tógála atá riachtanach don scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24130/18]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, cheadaigh mo Roinnse deontas suntasach cineachta i Meán Fómhair 2014 don scoil i dtrácht le haghaidh leathnú buan agus oibreacha athchumraíochta a d’fhágfadh go bhféadfaí gach cóiríocht réamhdhéanta a bhaint de shuíomh na scoile.

Beidh a fhios agat go bhfuil an plean costais athcheartaithe, a fuarthas ó údarás na scoile mí Aibreáin seo caite, á scrúdú faoi láthair agus beidh mo Roinnse i dteagmháil leis an scoil mar gheall air go luath.

Top
Share