Skip to main content
Normal View

Forbairt na nOileán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 June 2018

Thursday, 21 June 2018

Questions (24)

Éamon Ó Cuív

Question:

24. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad airgead atá ceadaithe aici i mbliana do mhion-oibreacha caipitil ar na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26704/18]

View answer

Oral answers (7 contributions)

Ní thógfaidh sé seo ach dhá soicind. Cé mhéad airgead atá ceadaithe ag an Aire Stáit le haghaidh mionoibreacha ar na hoileáin?

Tugann mo Roinn cuireadh bliantúil do chomhairlí chontae a bhfuil oileáin faoina gcúram iarratas a chur chuici ar chomh-mhaoiniú do thograí mionoibreacha ar na hoileáin úd. Níos túisce i mbliana, rinne mo Roinn amhlaidh d'fhonn clár a cheadú do 2018. Tá na hiarratais á cuireadh chuici á meas ag mo Roinn faoi láthair. Is buiséad caipitil de €1.344 milliún san iomlán atá ar fáil don Roinn i mbliana do thograí oileán. Nuair a chuirtear maoiniú do mhórthogra forbairt Ché Inis Oírr san áireamh, meastar go mbeidh thart ar €1 mhilliún ar fáil le cur i dtreo mionoibreacha i mbliana.

That concludes Question Time.

Cén uair a fhógrófar iad?

Tá said faoi chúram mo Roinne faoi láthair.

Tá na meastúcháin ag bogadh ar aghaidh. Tá mé ag smaoineamh go mbeidh an obair déanta roimh dheireadh na bliana, ach beidh oibreacha áirithe déanta roimhe sin. Tá brón orm cur isteach ar an gCathaoirleach Gníomhach ach ba mhaith liom a rá maidir leis an bpleanáil teanga taobh amuigh den Ghaeltacht go bhfuil na hullmhúcháin ceadaithe ach níl na pleananna ceadaithe.

Written Answers are published on the Oireachtas website.
Top
Share