Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2018

Tuesday, 26 June 2018

Questions (446)

Aindrias Moynihan

Question:

446. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27799/18]

View answer

Written answers

Cé nach bhfuil aon phost faoi leith i gceist i mo Roinnse i ndáil le hOifigeach Gaeilge, tá Aonad Gaeilge sa Roinn. Ina theannta sin, is poist ainmnithe Gaeilge iad sé cinn de na poist laistigh den Roinn. Dá bharr sin, tá an acmhainn iomchuí ag mo Roinnse le déileáil le haon ní i dtaobh na Gaeilge.

Top
Share