Tá Scéim Teanga mo Roinne, a ullmhaíodh i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, le fáil ar Shuíomh Gréasáin mo Roinne (www.chg.gov.ie).
San áireamh sa Scéim, tá sonraí maidir le seirbhísí a sholáthraíonn mo Roinn trí Ghaeilge agus leagtar amach inti freisin líon post atá ainmnithe mar phoist Gaeilge sa Roinn. Agus na poist seo á n-ainmniú, tugadh aird ar leith ar na poist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus ar phoist atá lonnaithe lasmuigh de cheantair Ghaeltachta a bhfuil idirghníomhaíocht shuntasach i gceist leo le pobail agus cliaint Ghaeltachta agus/nó a labhraíonn Gaeilge.
Cé nach bhfuil Oifigeach Gaeilge ceaptha ag mo Roinn, tá dualgas maoirseoireachta ar fheidhmiú Scéim na Gaeilge ar Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin san Aonad um Rialachas Corparáideach faoi láthair atá in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.