Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2018

Tuesday, 26 June 2018

Questions (67)

Aindrias Moynihan

Question:

67. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den an Taoiseach agus Aire Cosanta an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27804/18]

View answer

Written answers

Is beag idirghníomhú a bhíonn ag an Roinn le daoine as an bpobal tríd is tríd agus, dá bharr sin, ní bhíonn éileamh mór ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge. Mar a fhoráiltear ina Scéim Teanga reatha agus roimhe seo, faigheann an Roinn cabhair ó lucht pearsanra atá bunaithe ar bhonn deonach chun cuidiú le Brainsí na Roinne seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus chun dul i ngleic le hidirghníomhú le custaiméirí más gá. Sa chomhthéacs sin, ní theastaíonn Oifigeach Gaeilge ar leith ón Roinn seo.

Tá cúigear lucht pearsanra sa ghrúpa faoi láthair atá sásta cuidiú le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge agus is leor é sin chun freastal ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn. Déantar athbhreithniú leanúnach ar an ngrúpa oibrithe deonacha sin.

Top
Share