Skip to main content
Normal View

Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 June 2018

Wednesday, 27 June 2018

Questions (275)

Peadar Tóibín

Question:

275. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad na socraithe a bhí i bhfeidhm don toghchán deireanach le haghaidh Údarás na Gaeltachta in 2005 ó thaobh ionaid chomhairimh, foireann toghcháin agus ábhar breise a bhaineann leis na toghcháin sin, ar nós páipéir bhallóide; agus cén costas a bhí air. [28181/18]

View answer

Written answers

Mar gur rinneadh, le hachtú Acht na Gaeltachta 2012, aisghairm ar na forálacha reachtúil a bhain le toghcháin Údarás na Gaeltachta, níl aon ról reachtúil agam maidir leis an gceist atá ardaithe ag an Teachta.

É sin ráite, tuigim gur i gcomhar leis na Cinn Comhairimh sna Comhairlí Contaetha Gaeltachta a rinneadh na socruithe maidir le To ghchán 2005 d’Údarás na Gaeltachta a reáchtáil. Go bunúsach, mar sin, is iad na Cinn Comhairimh a bhí freagrach as na hionaid chomhairimh, foireann toghcháin agus na nithe gaolmhara eile a eagrú. Tuigim chomh maith gur bhain costas circa €380,000 leis an toghchán féin a reáchtáil.

Top
Share