Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 July 2018

Thursday, 5 July 2018

Questions (112, 113)

Pearse Doherty

Question:

112. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna cad chuige ar diúltaíodh iarratas ar chóiríocht scoile bhreise a bhí curtha isteach ag scoil (sonraí tugtha) i gContae Dhún na nGall; an ndéanfar athbhreithniú ar an chinneadh sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29815/18]

View answer

Pearse Doherty

Question:

113. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna cad chuige ar diúltaíodh iarratas ar chóiríocht scoile bhreise a bhí curtha isteach ag scoil (sonraí tugtha) i gContae Dhún na nGall; an ndéanfar athbhreithniú ar an chinneadh sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29816/18]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 112 agus 113 le chéile.

Dearbhaím don Ionadaí go bhfuarthas iarratas le haghaidh cóiríocht scoile bhreise ón scoil atá luaite.

Rinne mo Roinn teagmháil leis an scoil maidir leis an iarratas agus chuige sin, fuarthas eolas breise an tseachtain seo.

Eiseofar cinneadh go díreach chuig an údarás scoile maidir leis seo.

Top
Share