Skip to main content
Normal View

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 July 2018

Tuesday, 10 July 2018

Questions (983)

Pat the Cope Gallagher

Question:

983. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Minister for Culture; Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí eolas faoin dul chun cinn atá déanta go dáta maidir le Togra Ché Mhachaire Rabhartaigh; an dtabharfaidh sí eolas i dtaobh cén uair a mheasann sí a chuirfear tús leis an obair ag an ché agus cén uair a bheidh cead tugtha le bogadh ar aghaidh go dtí an staid tógala; an ndéanfaidh sí a chinntiú fosta go mbeidh maoiniú curtha i leataobh don togra mar pháirt den Phlean Náisiúnta "Éire 2040" agus nach mbeidh cómhaoiniú ag teastáil ón Údarás Áitiúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31039/18]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is faoi chúram Comhairle Contae Dhún na nGall atá Cé Mhachaire Rabhartaigh. Tá forbairt na Cé luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta mar cheann de na tograí oileánacha a mhaoineofar faoin Phlean. Tá an togra pléite ag mo Roinn leis an gComhairle Chontae agus tá plean don fhorbairt le dearadh agus beidh innealtóirí comhairleacha le ceapadh chuige sin. Mar aon le haon togra mór infreastruchtúir, cuirfear an togra seo i gcríoch go céimiúil i ndáil le riachtanais an Chóid Caiteachais Poiblí.

Top
Share