Skip to main content
Normal View

Deontais Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 11 July 2018

Wednesday, 11 July 2018

Questions (605)

Pat the Cope Gallagher

Question:

605. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fuarthas iarratas ar mhaoiniú ó Chumann Traenach na Gaeltachta Láir; cén tsuim airgid a lorgaíodh; cén tsuim airgid atáthar a mholadh a cheadú; cén uair a bheidh cinneadh déanta ina leith. [31443/18]

View answer

Written answers

Beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil go bhfuil deontas de €5,756 ceadaithe aige do Chumann Traenach na Gaeltachta Láir chun cur ar a gcumas deisiúcháin agus obair chothabhála a dhéanamh ar uirlis stairiúil de chuid an Chumainn.  Is aitheantas é seo go bhfuil an tseirbhís a chuireann an Cumann Traenach ar fáil an-tábhachtach mar áis ar leith, ní amháin do mhuintir an cheantair, ach do thurasóirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin freisin.

Top
Share