Skip to main content
Normal View

Maoiniú Chomhlachtaí Stáit

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 July 2018

Tuesday, 24 July 2018

Questions (2836)

Peadar Tóibín

Question:

2836. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na critéir a úsáidfear chun a chinneadh cé acu an €100,000 nó €150,000 a thabharfar do na grúpaí pleanála teanga. [33877/18]

View answer

Written answers

Tá cistíocht suas le €100,000 thar thréimhse 12 mhí iomlán curtha ar fáil i leith gach Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta ina mbeidh feidhmiú plean teanga aontaithe.  Ina theannta sin, tá allúntas breise ar fiú suas le €50,000 thar tréimhse 12 mhí á chur ar fáil faoin bpróiseas i leith 5 limistéir faoi leith.  Is de bharr dúshlán faoi leith atá bainteach le ceithre cinn de na ceantair seo a tógadh an cinneadh seo. Is iad na ceantair atá i gceist ná:

- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;

- Cois Fharraige;

- Conamara Láir; agus,

- Ciarraí Thiar.

Is ar an mbunús go sásaíonn na limistéirí thuas trí chinn den ceithre chritéar a leanas atá an t-allúntas breise á chur ar fáil:

1 Achar an Limistéir Pleanála Teanga a bheith os cionn 200km2;

2 Daonra d'os cionn 5,000 duine níos sine ná trí bliana d’aois sa limistéir;

3 Líon cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais sa limistéir a bheith circa nó ós cionn 1,500 duine;

4 Céatadán chainteoirí laethúla Gaeilge an limistéara a bheith circa nó os cionn 50% de dhaonra iomlán an limistéara.

I bhfianaise go bhfuil dúshlán tíreolaíoch ar leith ag na trí Oileáin Árann, atá aitheanta mar limistéir pleanála teanga amháin, cuirfear an t-allúntas breise ar fail don limistéir sin chomh maith.

Top
Share