Tá cistíocht suas le €100,000 thar thréimhse 12 mhí iomlán curtha ar fáil i leith gach Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta ina mbeidh feidhmiú plean teanga aontaithe. Ina theannta sin, tá allúntas breise ar fiú suas le €50,000 thar tréimhse 12 mhí á chur ar fáil faoin bpróiseas i leith 5 limistéir faoi leith. Is de bharr dúshlán faoi leith atá bainteach le ceithre cinn de na ceantair seo a tógadh an cinneadh seo. Is iad na ceantair atá i gceist ná:
- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
- Cois Fharraige;
- Conamara Láir; agus,
- Ciarraí Thiar.
Is ar an mbunús go sásaíonn na limistéirí thuas trí chinn den ceithre chritéar a leanas atá an t-allúntas breise á chur ar fáil:
1 Achar an Limistéir Pleanála Teanga a bheith os cionn 200km2;
2 Daonra d'os cionn 5,000 duine níos sine ná trí bliana d’aois sa limistéir;
3 Líon cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais sa limistéir a bheith circa nó ós cionn 1,500 duine;
4 Céatadán chainteoirí laethúla Gaeilge an limistéara a bheith circa nó os cionn 50% de dhaonra iomlán an limistéara.
I bhfianaise go bhfuil dúshlán tíreolaíoch ar leith ag na trí Oileáin Árann, atá aitheanta mar limistéir pleanála teanga amháin, cuirfear an t-allúntas breise ar fail don limistéir sin chomh maith.