I propose to take Questions Nos. 1450 and 1451 together.
Ba mhaith liom a dheimhniú gurb é allúntas méadaithe ar fiú suas le €1.02 milliún a d’fhógair mé i rith an tsamhraidh do Scéim na gCúntóirí Teanga i leith na scoilbhliana reatha 2018/2019. Tá bailchríoch á cur faoi láthair ag mo Roinn ar na socruithe riaracháin a bhaineann leis an allúntas, i gcomhar leis an dá eagraíocht atá freagrach as an scéim a riar thar ceann na Roinne. Tá comhaontú feidhmíochta sínithe idir an Roinn agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus tá na cúntóirí tosaithe ar ais sna scoileanna ó dheas ó thús na seachtaine seo (3 Meán Fómhair). Táthar ag súil le comhaontú feidhmíochta sínithe a fháil ó Mhuintearas an tseachtain seo chugainn agus beidh sé suas ag an eagraíocht sin ansin dáta a shocrú le go dtosóidh na cúntóirí ar ais i mbun a gcuid oibre i scoileanna Dhún na nGall, na Gaillimhe, na Mí agus Mhaigh Eo.
In ainneoin tuairiscí dá mhalairt sna meáin le déanaí, is féidir liom a dheimhniú nach bhfuil an t-athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga, a choimisiúnaigh mo Roinn, críochnaithe go fóill. Táthar ag súil leis an athbhreithniú seo a bheith críochnaithe agus tuarascáil ina leith foilsithe roimh dheireadh na bliana.