Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Friday - 7 September 2018

Friday, 7 September 2018

Questions (1461, 1462)

Pat the Cope Gallagher

Question:

1461. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén maoiniú atá ar fáil i mbliana d’Údarás na Gaeltachta chun tacú le fiontraíocht agus chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht agus an gcuirfear airgead caipitil ar fáil chuige sin sa bhuiséad don bhliain seo chugainn mar atá geallta sa phlean forbartha náisiúnta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36824/18]

View answer

Pat the Cope Gallagher

Question:

1462. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad post atá ceadaithe go dtí seo ag Údarás na Gaeltachta sna Gaeltachtaí éagsúla agus cad iad na himpleachtaí atá ag an nganntanas maoinithe maidir le cur chun cinn na bpost seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36825/18]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 1461 and 1462 together.

Is é an ciste caipitil atá curtha ar fáil in 2018 d’Údarás na Gaeltachta ná €7m, i gcomparáid le ciste arbh fhiú €6.687m é don bhliain 2017. Ní miste a lua chomh maith gur cuireadh allúntais caipitil breise arbh fhiú €2.27m agus €2.4m ar fáil don Údarás in 2017 agus in 2016 faoi seach. Is ionann sin agus ciste €4.67m sa bhreis ar an mbunlíne a bheith curtha ar fáil don Údarás sna blianta sin.

Mar is eol don Teachta, is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir.

Mar is iondúil déanfar cinneadh maidir le soláthar caipitil an Údaráis don bhliain seo chugainn mar chuid den phróiseas meastacháin níos déanaí i mbliana. I dtaca leis sin, is fiú a mheabhrú don Teachta go bhfuil gealltanas sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12m in aghaidh na bliana. Tiocfaidh tuilleadh sonraí chun cinn maidir le maoiniú do thograí agus cláir ar leith, chomh maith le hamscála an chaiteachais ina leith, de réir mar a rachfar tríd an bpróiseas meastóireachta agus pleanála atá leagtha síos faoin gCód um Chaiteachas Poiblí.

Tuigim go bhfuil ós cionn 300 post nua ceadaithe ag Bord an Údaráis go dáta i mbliana. Tuigfidh an Teachta go dtiocfaidh na poist sin chun cinn de réir a chéile sa tréimhse amach romhainn.

Top
Share