Peadar Tóibín
Question:290. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cathain a chuirfear curaclaim idirdhealaithe T1 agus T2 ar fáil sa tsraith shinsearach. [36087/18]
View answerDáil Éireann Debate, Friday - 7 September 2018
290. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cathain a chuirfear curaclaim idirdhealaithe T1 agus T2 ar fáil sa tsraith shinsearach. [36087/18]
View answerI bhfómhar 2018, cuirfear tús le hathbhreithniú ar an tsraith shinsearach agus as sin déanfar sonraíochtaí nua a cheapadh don Ghaeilge Ardteistiméireachta i gcomhthéacsanna T1 agus T2 araon. Faoi láthair, tá súil againn na sonraíochtaí a bheith ar fáil i Meán Fómhair 2020 don chéad ghrúpa scoláirí a chríochnóidh na sonraíochtaí nua sraithe sóisearaí (tús Meán Fómhair 2017, críoch Meitheamh 2020). Ní mór a chur san áireamh gur obair chasta í sonraíochtaí a cheapadh, ó thaobh leagan amach agus feidhmiú araon, agus mar sin is sprioc sealadach é 2020.