Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Friday - 7 September 2018

Friday, 7 September 2018

Questions (309)

Éamon Ó Cuív

Question:

309. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a chuirfear an t-athbhreithniú, a fógraíodh tamall de bhlianta ó shin, ar an scéim díolúine ón nGaeilge sna meánscoileanna, i gcrích; cén uair a fhógrófar torthaí an athbhreithnithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36342/18]

View answer

Written answers

Is é rún na Roinne an tuarascáil “Athbhreithniú ar Pholasaí agus Cleachtas i dtaca leis an Díolúine ón nGaeilge” a fhoilsiú mar chuid de phróiseas poiblí comhairliúcháin agus tá sé beartaithe na socruithe maidir le díolúine ó ábhar na Gaeilge a thabhairt chun dáta, más gá, ag éirí as na comhairliúcháin sin.  

Tá socruithe ar bun cheana féin chun an próiseas poiblí comhairliúcháin a sheoladh a luaithe is féidir.

Top
Share