Aindrias Moynihan
Question:117. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici Scéim na mBóithre Áise a athoscailt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39837/18]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 2 October 2018
117. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici Scéim na mBóithre Áise a athoscailt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39837/18]
View answerFaoi Scéim na mBóithre Áise de chuid na Roinne, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le obair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre beaga faoi leith sa Ghaeltacht.
Le go mbeadh bóthar cáilithe chun críche na scéime, ba ghá roinnt coinníollacha faoi leith a bheith comhlíonta, ina measc; gur bóthar é nach raibh faoi chúram an údaráis áitiúil ábhartha agus gur bóthar é a bhí ag freastal ar theach amháin ar a laghad móide gabháltas talún nach le húinéir an tí é. Bhí sé mar choinníoll faoi leith chomh maith nach raibh aon gheata transna an bhóthair a thabharfadh le tuiscint don saol fodhlach go raibh cosc orthu an bóthar a úsáid. Mar is eol don Teachta tá an scéim ar fionraí le tamall de bhlianta anois.
Tuigtear go gcuimsítear feabhas ar bhóithre den chineál atá luaite anois faoi Scéim Feabhsúcháin Áitiúil atá faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.