Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 October 2018

Tuesday, 2 October 2018

Questions (62)

Éamon Ó Cuív

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici breis airgid a lorg ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe lena thabhairt d’Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2019 lena chaitheamh ar fhorbairt na gcomharchumann pobail agus na gcomhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39405/18]

View answer

Oral answers (7 contributions)

Mar is eol don Aire Stáit, tá na comharchumainn Ghaeltachta agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta lárnach i gcur chun cinn na Gaeltachta i gcoitinne, ach tá ról faoi leith acu sna ceantair tearcfhorbartha agus ar na hoileáin. Tá an cúnamh Stáit atá á íoc leo anois níos lú ná mar a bhí sé deich mbliana ó shin. Céard atá i gceist ag an Aire Stáit a dhéanamh sa cháinaisnéis le déanamh cinnte de go bhfuil cothrom na Féinne le fáil ag na comhlachtaí agus na comharchumainn seo?

Aontaím leis an Teachta maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an ról atá ag na comharchumainn agus na comhlachtaí atá lonnaithe ar na hoileáin agus ar an mórthír. Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhomhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d'eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ar ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar conas is fearr is féidir leas a bhaint as an soláthar sin i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúramaí a bhaineann leis an bhforbairt pobail. Ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.35 milliún curtha ar fáil don údarás faoin bhfomhír seo i mbliana, nó allúntas reatha breise de €100,000 i mbliana i gcomparáid le 2017 agus allúntas breise de €350,000 san iomlán i gcomparáid le 2016.

Faoi mar is eol don Teachta, is trí phróiseas na Meastachán agus na cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn agus do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid d'Údarás na Gaeltachta don bhliain 2019 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin atá ar bun faoi láthair. Agus é sin ráite, ní miste dom a threisiú uair amháin eile go n-aithním, mar Aire Stáit na Gaeltachta, an tábhacht ollmhór atá ag baint leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta atá préamhaithe sa bpobal agus lárnach i gcur chun cinn forbairtí áitiúla. Cuireann na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta réimse leathan seirbhísí, áiseanna agus tacaíochtaí ar fáil. Tugann siad guth don phobal agus is feithicil iad chun riachtanais an phobail a aithint agus a shárú. Tá ról leathan acu fosta in úsáid agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Is féidir glacadh leis mar sin go leanfaidh mé orm, feadh mo chumais, leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun le hallúntas breise a chur ar fáil d'eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta.

Tá gealltanas sa chomhaontú muiníne agus soláthair, nó confidence and supply, go dtiocfaidh méadú sa soláthar náisiúnta don Ghaeilge. Caithfimid cuimhneamh freisin go bhfuil Bliain na Gaeilge linn i mbliana. Mar sin, bheinn ag súil go mbeadh an tAire Stáit in ann dearbhú anseo inniu go gcomhlíonfar an gealltanas sin. Nílim ag iarraidh an figiúr a fháil inniu. Fanfaidh mé go dtí an tseachtain seo chugainn. Tá súil agam go bhfuil an tAire Stáit in ann deimhniú go seasmhach leis an ngealltanas atá sa chomhaontú muiníne agus soláthair. An mbeidh an Rialtas ag seasamh leis an ngealltanas sin? In ainneoin an mhéid atá ráite ag an Aire Stáit, tá sé san Acht gur féidir leis treoir a thabhairt don údarás. An bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt don údarás an maoiniú breise a úsáid chun breis airgid a chur ar fáil do na comharchumainn agus na comhlachtaí pobail Gaeltachta?

Aontaím leis an Teachta go mbeidh rudaí níos soiléire an tseachtain seo chugainn. Bhí cruinniú agam agus ag an Aire sinsearach, an Teachta Madigan, leis an Aire Airgeadais, an Teachta Donohoe, an tseachtain seo caite. Chuir mé fíorbhrú air an t-éileamh maidir leis na rudaí reatha, go háirithe ceist na gcomharchumann agus na comhlachtaí atá ardaithe ag an Teachta inniu sa cheist atá os comhair na Dála, a bhaint amach. Tá mé cinnte go bhfuil brú air fosta i gcomhthéacs an chomhaontaithe muiníne agus soláthair idir Fhianna Fáil agus Fine Gael. Le bheith ionraic, tháinig an Teachta Ó Cuív isteach sa bhliain atá imithe thart chun an buiséad caipitil atá ag Údarás na Gaeltachta a phlé liom. Thug an Teachta tacaíocht dom ag an am sin agus bhí sé sin go breá. Níl a fhios agam cén comhráite a bheidh ag dul ar aghaidh idir Fhianna Fáil agus mo pháirtí féin. Níl páirt agam sa chóras sin. Tá mé sásta brú ar aghaidh leis an gcuidiú atá de dhíth ar na comharchumainn agus na comhlachtaí. Tá mé breá sásta obair le chéile leo i dtaobh aon chomhoibriú a bheidh riachtanach sa chomhthéacs sin.

Is féidir leis an Aire Stáit bheith cinnte go mbeidh muidne i bhFianna Fáil ag iarraidh cur ina luí ar Fhine Gael go gcaithfidh siad seasamh le gach gealltanas sa chomhaontú a rinne siad linn don trí cháinaisnéis. Is é seo deireadh na feide, mar is eol don Aire Stáit. Tiocfaidh deireadh leis an gcomhaontú seo tar éis cáinaisnéis na seachtaine seo chugainn. An nglacann an tAire Stáit leis nach n-éireoidh leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe scoth na mbainisteoirí a choinneáil mura bhfuiltear sásta pá réasúnach a íoc leis na bainisteoirí agus leis an bhfoireann atá acu, rud nach dtarlóidh gan tacaíocht cheart a bheith ar fáil ón Stát?

Níl a fhios agam céard a tharlóidh sa todhchaí. Tá mé ag obair go dian ar son na ndreamanna atá i gceist inniu. Tá aithne mhór agam ar na comharchumainn agus na comhlachtaí i dTír Chonaill. Tá sonraí agam maidir leis na dreamanna éagsúla atá scaipthe ar fud na tíre. Tá athbhreithniú ag dul ar aghaidh fosta. Tuigim go bhfuil sé beartaithe ag Údarás na Gaeltachta athbhreithniú straitéiseach a dhéanamh ar na comharchumainn Ghaeltachta ar fad i gcomhthéacs cur i bhfeidhm straitéis na heagraíochtaí do na trí bliana amach romhainn. Tá mé cinnte go mbeidh leanúnachas i gceist maidir leis an ról tábhachtach atá ag na comharchumainn atá freagrach as ceannaireacht ar na hoileáin agus ar an mórthír. Tá siad ag obair go dian ar an talamh. Tá tiomantas na gcomharchumann i dtaobh an ról atá acu soiléir ar an talamh fosta. Tá mé sásta brú ollmhór a chur ar mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Donohoe, idir inniu agus Dé Máirt seo chugainn. Is léir go bhfuil ról tábhachtach ag na heagraíochtaí seo. Aontaím leis an Teachta go bhfuil gá mór leo.

Caithfimid bogadh ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile.

Top
Share