Ceadaíodh deontas suas le €325,000 d’Ealaín na Gaeltachta i mí Iúil seo caite chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta do dhaoine óga a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta le linn na scoilbhliana reatha. Tá sé seo á dhéanamh i gcomhréir le beart 2.10 den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge a sheol mé i mí Meithimh, thar ceann an Rialtais.
Faoin gclár nua, déanfar leathnú agus forbairt chéimiúil ar an soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na gceantar Gaeltachta uile. I measc ghnéithe an chláir, beidh an méid seo a leanas:
- iniúchadh ar na deiseanna oiliúna sna healaíona traidisiúnta atá ar fáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta ar fad i láthair na huaire;
- soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil i nGaeltacht na Gaillimhe ó mhí Eanáir 2019.
- soláthar ranganna trí Scoil Cheoil na Crannóige i nDún na nGall agus trí Ionad Cultúir an Dochtúir Ó Loingsigh i gCorcaigh
Tá Ealaín na Gaeltachta tosaithe i mbun taighde agus obair ullmhúcháin eile faoi láthair. Cé go mbeifear in ann leanúint sa ghearr tréimhse leis an soláthar atá ar fáil cheana féin i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Chorcaí do scoilbhliain 2018/19, ní bheidh ar a gcumas tús a chur le ranganna i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí Eanáir 2019 de bharr na socruithe maidir le hearcú teagascóirí agus cúrsaí riaracháin eile atá le cur i gcrích lena chinntiú go gcuirfear seirbhís chuí, ar ardchaighdeán, ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí araon.
Idir an dá linn, tá an Roinn, i gcomhar le páirtithe leasmhara, ag obair go gníomhach ar shocrú chun gur féidir ranganna a chur ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe idir seo agus deireadh na bliana. Táthar ag súil leis go mbeifear in ann foirmle réitigh ina leith a fhógairt go luath.