Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 October 2018

Thursday, 18 October 2018

Questions (348)

Éamon Ó Cuív

Question:

348. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist lár sheirbhís aistriúcháin Ghaeilge a bhunú faoi choimirce na Roinne; má tá, cén uair a dhéanfar seo; cá mbeidh an tseirbhís lonnaithe; an mbeidh cian-oibritheoirí fostaithe ar an tseirbhís a bhféadfadh a bheith fostaithe ar an tseirbhís óna mbaile nó ó láithreacha éagsúla ar fud na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42981/18]

View answer

Written answers

Tá an cás gnó atá ullmhaithe i leith bhunú sheirbhís chomhroinnte aistriúcháin don Státseirbhís fós á mheas ag an Roinn. Níl aon amscála leagtha amach do bhunú na seirbhíse, más ann di, ag an bpointe ama seo.

Top
Share