Molaim Ceisteanna Uimh. 206 go 207, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil, faoi láthair, cohórt de 45 oifigeach, c. 2% d’fhoireann mo Roinne, ar liosta de bhaill foirne sa Roinn atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (i.e., ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge. Tá post amháin ag mo Roinn chomh maith, post Aistritheora, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh an sealbhóir dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Baineann príomhról an Aistritheora le Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge. I dtaca leis sin táim sásta go bhfuil leorlíon foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge ag mo Roinn chun freastal ar éilimh a thagann chun cinn.
Mar is eol don Teachta, déantar baill foirne le haghaidh mo Roinne a earcú tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS ). Maidir le hiarrthóirí a shanntar, ní chuirtear eolas faoi inniúlacht teanga na n-iarrthóirí ar fáil don Roinn. Tá mo Roinn tar éis tacú go gníomhach, áfach, le baill foirne ar mhian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh, agus tá sí ag tacú i gcónaí le baill foirne ar mian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh.
Ón mbliain 2006 i leith, le tosach feidhme a Scéime Tionscnaimh Gaeilge, tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tar éis 23 cúrsa inmheánach Gaeilge a reáchtáil, idir chúrsaí scríofa agus chúrsaí labhartha, arna gcur in oiriúint do bhaill foirne na Roinne. Is iad Gaeleagras, Gaelchultúr agus an Foras Riaracháin a reáchtáil na cúrsaí sin, i gcomhthráth le chéile i roinnt cásanna, in oifigí na Roinne i mBaile Átha Cliath agus i gCill Airne araon. Ina theannta sin, tá an Roinn tar éis tacú le baill foirne ar mhian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh lasmuigh den Roinn, agus le hoifigigh a ghlac páirt i gcúrsa scríofa Gaeilge ar-líne le Gaelchultúr. I mbliana féin, rinneadh éascaíocht do 6 ball foirne trína scaoileadh óna ndualgais thar thréimhse 10 seachtaine chun cúrsa an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil a dhéanamh le Gaelchultúr, agus tá 2 oifigeach eile tar éis tús a chur leis an gcúrsa an Fómhar seo. Ina theannta sin, tá 4 oifigeach tar éis cúrsaí éagsúla eile ar líne agus oíche a dhéanamh, nó táid ag gabháil dóibh faoi láthair.