Éamon Ó Cuív
Question:279. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cad iad na critéir i leith daonra a bhaineann leis an scéim de chuid An Post le hoifigí poist a dhúnadh i gceantair tuaithe; an ndeachaigh An Post i gcomhairle leis nó lena Roinn maidir leis na critéir sin; más rud é go ndeachaigh, ar aontaigh an Roinn leis an gcur chuige go mbeadh an cinneadh bunaithe ar dhaonra an bhaile ina bhfuil an oifig phoist suite seachas an ceantar a bhfuil sí ag freastal air; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44149/18]
View answer