Mar is eol don Teachta, Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a fheidhmíonn mar sholáthraí seirbhíse comhroinnte earcaíochta agus soláthair d’eagraíochta cliaint sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí.
Tá córas iarratais agus scrúduithe ar líne á reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí le cuid mhaith blianta. Más rud é go mbíonn fadhb ag iarrathóir, agus iarratas ar bun acu nó scrúdú ar líne ar siúl acu, déantar gach iarracht cuidiú leo agus an fhadhb a réiteach go pras. Moltar d’iarrathóirí teagmháil a dhéanamh leis an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí má tá fadhb acu agus, go ginearálta, bíonn sé ar chumas an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gach fadhb a réiteach in éineacht leis an iarrathóir.
Tuigtear dom ón Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil go bhfuil sé mar sprioc ag Plean Náisiúnta Leathanbhanda an Rialtais íosluas de 30 meigibheart ar fáil i ngach áitreabh sa tír, beag beann ar an suíomh ina bhfuil sé lonnaithe, trí idirghníomhú stáit agus trí infheistíocht tráchtála.
San idirlinn, tá leathanbhanda ardluais á leathadh amach trí infheistíocht tráchtála ó chomhlachtaí tráchtála ar luach €2.75 billiún iad. Tá fáil ar leathanbhanda ardluais ag 7 as 10 den 2.3 milliún áitreabh in Éirinn.
Dár leis an tuarascáil do ráite 2 2018 ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, is cosúil go an luas atá ag leathanbhanda ardluais seasta ag dul i bhfeabhais. Bhí luas níos mó ná 10Mbps ag 85.9% de gach síntiús leathanbhanda seasta i ráithe 2 2018, ardú ó 82.2% i ráithe 2 2017. Bhí luas níos fearr ná 30Mbps ag 74.6% de gach síntiús leathanbhanda seasta, ardú ó 68.7% i ráithe 2 2017.