Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 November 2018

Thursday, 15 November 2018

Questions (5, 9)

Catherine Connolly

Question:

5. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dáta a fhoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47426/18]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

9. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bhfuil i gceist an Bille nua Teangacha Oifigiúla a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47219/18]

View answer

Oral answers (21 contributions)

Is oth liom a rá go bhfuil orm an cheist seo a chur arís agus arís. Is ceist shimplí í. Cén dáta a fhoilseofar Bille na dteangacha oifigiúla? Mar is eol don Aire Stáit, seo Bliain na Gaeilge. Tá sé geallta ag an Rialtas seo agus an Rialtas roimhe go mbeidh Bille nua ann. Cén fáth a bhfuil moill air? Go díreach, cén dáta a fhoilseofar an Bille?

An bhfuil an tAire Stáit ag glacadh Uimh. 9 chomh maith?

Tairgim Uimh. 5 agus Uimh. 9 a ghlacadh le chéile. Mar chúlra, is iarracht í an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, ina mbeidh an teanga níos feiceálaí, agus ina mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Agus an Bille a thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse fhada chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Próiseas an-fhiúntach a bhí ann.

Mar is eol don Teachta, leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge na Gaeltachta agus na nOileáin agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh an tsamhradh. Tá an tuarascáil sin á scrúdú ag mo Roinn faoi láthair i gcomhthéacs dréachtú an Bhille.

Beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croílár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir.

Ó mo thaithí féin, ag déileáil le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ón bhfianaise atá ar fáil ó thaighde ó Oifig an Choimisinéara Teanga, ó na heagrais Ghaeilge agus grúpaí eile, creidim go bhfuil éileamh ann i measc an phobail, ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach tá an pobal ag súil go mbeidh na seirbhísí a bheidh ar fáil ar chomhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i mBéarla.

Tá mo chuid oifigigh ag obair faoi láthair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtá. Ag an am céanna, tá comhairliúcháin ar bun ag mo Roinn leis na Ranna Stáit ábhartha, leis an gCoimisinéir Teanga agus le páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr agus is éifeachtaí againn le tabhairt os comhair an Oireachtais.

Tá an Bille seo san áireamh i gclár reachtaíochta an Rialtais le bheith foilsithe le linn sheisiún an fhómhair agus an gheimhridh de chuid na Dála.

Tá sé seo pléite agam le na hoifigigh i mo Roinn, leis an Ard-Aighne é féin agus leis na feidhmeannaigh in Oifig an Ard-Aighne. Tá ionadaí ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair ar an mBille seo agus táimid ag déanamh chuile iarracht go mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh na bliana. Tá obair ar bun. Tá a fhios agam go raibh na feidhmeannaigh ón Roinn ag obair ar chuid de na Ceannteidil seo i rith an deireadh seachtaine. Tá an t-eolas sin curtha ar fáil do Oifig an Ard-Aighne agus tá siad ag brú ar aghaidh leis an obair.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil moill air agus táimid ag déanamh chuile iarracht é a bhrú chun cinn.

Cá mhéad ama atá againn?

Tá an cúlra go léir againn. Tá cur síos déanta ag an Aire Stáit ar an gcúlra arís ach tá a fhios againn cheana.

Is í an cheist ná cén dáta a fhoilseofar an Bille. Dúradh linn go bhfoilseofaí an Bille roimh an samhradh, ansin go bhfoilseofaí é tar éis an tsamhraidh agus anois táimid ag cloisteáil go mbeidh sé le linn an tseisiútn seo. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a dhícheall ach ní féidir glacadh le tuilleadh moille. Tá cearta daonna i gceist leis an mBille seo.

Rinne na daoine a tháinig os ár gcomhair i gComhchoiste na Gaeilge na Gaeltachta agus na nOileáin an t-uafás oibre agus chuir siad in iúl dúinn go soiléir cad a bhí ag teastáil. Tá a fhios againn faoi sin agus tá an méid oibre sin uilig déanta ag na heagraíochtaí éagsúla a tháinig os comhair an choiste. D'fhoilisigh muid tuarascáil chuimsitheach agus ní thuigim cén fáth go bhfuil tuilleadh moille. An bhfuil easpa foirne sa Roinn i gceist? An bhfuil easpa daoine ann chun dul i ngleic leis an mBille a fhoilsiú? Tá dáta ag teastáil.

Beidh an Bille foilsithe nuair atá sé réidh. Tá siad ag brú ar aghaidh leis an obair. Tá daoine a bhí ag plé leis an mBille amuigh tinn faoi láthair agus tá le tamall. Tá stiúrthóir na Gaeilge é féin ag obair ar an mBille seo. Mar a dúirt mé, bhí sé ag obair i rith na deireadh seachtaine air agus tá sé ag déanamh chuile iarracht an t-eolas go léir a chur chuig Oifig an Ard-Aighne ionas go mbeidh sí in ann dul ar aghaidh leis an obair. Táimid ag cur chuile bhrú ar chuile dhuine mar tá an Bille seo tábhachtach agus beidh sé foilsithe comh luath agus is féidir. Níl mé in ann dáta díreach a thabhairt don Teachta ach mar a dúirt mé, táimid ag déanamh chuile iarracht go mbeidh sé foilsithe roimh an Nollaig.

Tuigim go bhfuil dhá chéim sa phróiseas anois, na Ceannteidil den mBille a chríochnú agus ansin obair na ndréachtóirí parlaiminte. An mbeidh an tAire Stáit in ann insint dúinn cathain a mbeidh na Ceannteidil réitithe agus an bhfuil sé i gceist iad a fhoilsiú? Beidh sé an-dúshlánach ar fad é a bheith déanta roimh an Nollaig mar níl an oiread sin smacht ag an Aire Stáit ar an ndréachtóir. Bheadh sé an-úsáideach fios a bheith againn cathain a bheidh na Ceannteidil foilsithe.

Tá obair déanta ar thrí cinn de na Ceannteidil le déanaí agus tá siad seolta chuig Oifig an Ard-Aighne so tá siad ag obair ar na Ceannteidil sin faoi láthair ó thaobh seirbhísí sa chúirt agus rudaí mar sin. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh anois ag an dréachtóir. Níl mé in ann a rá go díreach cén uair go díreach a bheidh na Ceannteidil go léir críochnaithe nó cén uair a bheidh an céad dréacht den mBille ann ach má tá an t-eolas sin agam go luath, beidh mé in ann é a chur in iúl don Dáil.

Ó thaobh an sceidil atá san Acht faoi láthair ó thaobh na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta, ní dhearnadh aon uasdátú ar an sceideal sin ó 2006 agus tá athrú mór tagtha ó shin ar ndóigh ar líon agus nádúr na gcomhlachtaí poiblí atá ag feidhmiú sa lá atá inniu ann. Caithfimid dul i ngleic leis seo. Tá oifigigh mo Roinne tar éis dul i gcomhairle le comhghleacaithe sna Ranna Stáit eile ar mhaithe le sceideal nuashonraithe a dhréachtú. Tá dul chun cinn suntasach déanta leis an obair seo le cúpla mí anuas agus tá siad ag súil go mbeidh siad in ann an sceideal nua den Acht a fhoilsiú gan mhoill.

Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn faoi bhrú ach níl i gceist anseo ach Bille a chur síos ar chearta atá thar a bheith bunúsach. Glacann an tAire Stáit leis sin agus nach bhfuilimid ag lorg an iomarca. Bhíomar thar a bheith cúramach agus an t-aon rud a bhí ag teastáil uainn ná go mbeadh an Bille soiléir agus go mbeadh spriocdátaí ann chomh maith. Is é sin an t-easnamh is mó a chonaiceamar. Tá mé thar a bheith buartha anois go bhfuil na spriocdátaí ag sleamhnú tharainn an t-am uilig ón am roimh an samhradh, go dtí tar éis an tsamhraidh go roimh an Nollaig agus anois tá an Teachta Ó Cuív ag rá go bhfuil sé ró-uaillmhianach a bheith ag caint faoin mBille a bheith foilsithe roimh an Nollaig.

Ní féidir glacadh leis sin. Tá gá le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) anois. Táimid ag fanacht leis na blianta. Tuigim go mb'fhéidir go bhfuil deacrachtaí ó thaobh foirne de agus nílim ag iarraidh tuilleadh brú a chur ar aon duine ach tá gá leis an mBille agus ní féidir glacadh le tuilleadh moille, go háirithe nuair atáimid ag caint faoi chearta bhunúsacha.

Beidh ceist deireanach ón Teachta Aindrias Moynihan agus ansin bogfaimid ar aghaidh chuig an Teachta Clare Daly.

Teastaíonn uainn go mbeadh an Bille seo-----

I am sorry I have to go back to the committee-----

We are not moving on. Deputy Ó Cuív has given a supplementary question to Deputy Aindrias Moynihan under Standing Orders. We will be ready in one minute.

I am sorry but the witnesses are at the committee-----

We will facilitate the Deputy when she comes back.

That would be great.

I am sorry about that.

Teastaíonn uainn go mbeadh an Bille seo ag brú chun cinn chomh tapaidh agus is féidir. Mar atá ráite, tá an coiste tar éis é a phlé agus anois tá sé leis an Aire Stáit. Tuigim go bhfuil an fhoireann ag obair air faoi láthair. Nuair a cuireadh ceist ar an Aire Stáit mar gheall air an tseachtain seo caite, bhí sé ag rá go mbeadh sé ag súil leis thart ar an Nollaig. An é anois go bhfuil an t-am sin ag sleamhnú? Cén fáth atá leis sin? Cad atá tar éis athrú ón tseachtain seo caite?

An bhfuil an tAire Stáit tar éis measúnú a dhéanamh ar cé chomh mór is atá an t-ualach atá le déanamh agus má tá, an bhfuil an t-am ann? Cad iad na constaicí atá roimh an Aire Stáit nó cad atá ag cur moill air? An é go bhfuil easpa foirne ann agus cad atá an tAire Stáit ag déanamh mar gheall air sin chun é a bhrostú ar aghaidh?

Mar a dúirt mé, tá daoine a bhí ag obair agus ag plé leis an gceist seo amuigh tinn le tamall. Tarlaíonn na rudaí sin. Tá an stiúrthóir Gaeilge ag obair air faoi láthair. Táimid fós dóchasach go mbeimid in ann é a fhoilsiú roimh an Nollaig.

Dá ndéanfadh sé aon difríocht, bheadh mé sásta cruinniú sciobtha a eagrú leis an Teachta agus le Sinn Féin agus páirtithe eile chun é seo a phlé an tseachtain seo chugainn. Bheadh Teachtaí in ann é a phlé le stiúrthóir na Gaeilge. Táimid ag déanamh chuile rud. Táimid fós dóchasach go mbeimid in ann é a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana. Nílimid ag cur aon mhoill air. Cé go bhfuil na ceannteidil foilsithe le tamall, tá chuile Bhille casta. Táimid ag obair air. Nílimid ag cur aon mhoill ar an Bhille seo. Tá sé ráite agam ag an Oireachtas coicís ó shin go gcaithfimid brú a choimeád orainn féin laistigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus laistigh d'Oifig an Ard-Aighne. Tá sé ar bharr mo liosta é a bhrú ar aghaidh agus a fhoilsiú.

Top
Share