Mar is eol don Teachta, ta cinneadh tógtha ag an gcomhlacht GASL (ag trádáil mar Aer Árann) tarraingt amach as an dá chonradh atá aige a) chun seirbhís aeir a chur ar fáil do na hOileáin Árann agus b) chun an t-aerstraise ag Na Mine atá in úinéireacht phríobhaideach an chomhlachta a chur ar fáil don Stát ar mhaithe leis na seirbhísí aeir sin a sholáthar. Tiocfaidh éifeacht leis an dá chinneadh seo ar 6 Nollaig 2018.
Le dul i ngleic leis seo, tá mo Roinn ag tógáil céimeanna chun a chinnitiú go mbeidh aerfort ar an mórthír ar fáil le seirbhísí a reáchtáil as agus chun a chinntiú go mbeidh seirbhís aeir ar fáil tar éis 6 Nollaig 2018. Chuige sin, tá teagmháil ag leibhéil dlíodóra ag leanúint idir mo Roinn agus GASL. Taobh leis sin, tá mo Roinn tar éis tús a chur le socruithe a dhéanamh chun go mbeidh seirbhís gearrthéarmach á reáchtáil as Aerfort na Sionainne mura mbeidh Aerfort na Mine ar fail di. Tá comhlacht comhairleoirí fostaithe ag mo Roinn chun próiseas tairisceana a láimhseáil do chonradh gearrthéarmach.
Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Roinn sásta dul isteach i gcomhráití le GASL maidir le hAerfort na Mine a cheannach ach an bagairt atá déanta ag an gcomhlacht maidir le deireadh a chur leis an dá chonradh a bheith tarraingte siar.