Skip to main content
Normal View

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 November 2018

Wednesday, 28 November 2018

Questions (244)

Pearse Doherty

Question:

244. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an bhfuarthas comhfhreagras a seoladh chuige ó eagraíocht ghairmiúil i gContae Dhún na nGall (sonraí tugtha) maidir lena cás eisceachtúil ó thaobh pá agus coinníollacha oibre de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49670/18]

View answer

Written answers

Ní bhfuair mo Roinn an comhfhreagreas a rinne an Teachta tagairt dó fós. Agus é faighte ann, athbhreithneoidh na hoifigigh i mo Roinn an t-ábhar agus eiseofar freagra.

Maidir le pá agus coinníollacha na foirne, tá mé soiléir go dtacaím le feabhas a chur ar an bpá agus ar na coinníollacha oibre a bhaineann le hoibrithe cúraim leanaí; agus é sin ráite, níl mo Roinn ina fostóir don fhoireann cúraim leanaí dícheallaí atá ann i 4,500 gnóthaí cúraim leanaí ar fud na tíre, agus mar sin tá teorainn ar an méid is féidir leo a dhéanamh. D’iarr mé ar an bhfoireann dul isteach i gceardchumann; d’iarr mé ar an earnáil chun Ordú um Fhostaíocht Earnála a chur chun cinn; ach chomh maith le sin thug mé isteach céimeanna praiticiúla chun coinníollacha na foirne a fheabhsú ar aon slí ar mo chumas.

Ina measc sin, tá méadú 7% ar chaipitíocht na scéime ECCE, is fiú thart ar €4,000 do gach 20 leanbh atá cláraithe ar an scéim mhóréilimh seo. Chomh maith le sin, lean mé ag cur ar fáil ráta caipitíochta níos airde do sheomraí réamhscolaíochta a bhfuil ceannaire céimithe acu, chun céimithe a tharraingt agus chun iad a choinneáil. Tá méadú €2 breise an leanbh ar an gcaipitíocht atá ar fáil do sheirbhísí ina gcríochnaíonn an fhoireann an oiliúint LINC atá dírithe ar feabhas a chur ar Chomhionannas agus Éagsúlacht i suíomhanna. Lena chois sin, beidh breis agus €55 milliún íoctha ag mo Roinn do sholáthraithe cúraim leanaí faoi dheireadh 2019 le haghaidh an riaracháin a dhéanann siad agus iad ag cur ar fáil na scéimeanna cúraim leanaí atá ann faoi láthair.

Beidh sonraí nua ar fáil go luath maidir le rátaí pá reatha sa phróifíl earnála bliantúil de chuid Pobal, a fhoilseofar níos déanaí sa mhí seo, agus tríd an athbhreithniú neamhspleách faoi na costais a bhaineann le soláthraithe seirbhíse san earnáil, a choimisiúnaigh mo Roinn.

Is é mo dhóchas ó chroí go mbeidh na beartais thuas le feiceáil i bpá agus coinníollacha na foirne dícheallaí sa líne thosaigh a dhéanann difríocht bhuan i saol na leanaí.

Top
Share