Skip to main content
Normal View

Achomhairc Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 December 2018

Tuesday, 4 December 2018

Questions (532)

Éamon Ó Cuív

Question:

532. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc faoi scéim na híocaíochta bunúsaí agus faoi scéim na limistéir faoi shrianta nádúrtha atá déanta ag feirmeoir i gContae na Gaillimhe; an fáth go bhfuil moill cinneadh a dhéanamh ar an achomharc seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50643/18]

View answer

Written answers

Rinne an té atá ainmnithe iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí agus ar Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha in 2017 ar thalamh coimíneachta. In 2017, thug mo Roinnse isteach an t-uasmhéid limistéir atá cáilithe ar na coimíneachtaí sin. In 2018, rinne an té atá ainmnithe iarratas ar an dá scéim ar na limistéir laghdaithe sin agus íocadh é ar an mbunús sin. Chomh maith leis sin, tá achomharc déanta ag an té atá ainmnithe maidir leis na laghduithe a cuireadh i bhfeidhm in 2017. Déanfaidh oifigeach as mo Roinnse teagmháil go pearsanta leis an té atá ainmnithe chun achoimre a thabhairt dó maidir le staid an cháis mar atá i láthair na huaire.

Top
Share