Táthar tar éis an Páipéar Comhairliúcháin maidir leis an treo chun cinn do na Díolúintí ó Staidéar na Gaeilge a fhorbairt mar fhreagra ar na torthaí i dtuarascáil taighde na Cigireachta maidir leis an bpróiseas, na nósanna imeachta agus na cleachtais a bhaineann leis an gcinnteoireacht faoi dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge. Áirítear leis dréachtchiorcláin leasaithe do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ina léirítear na príomhathruithe atá molta do na próisis, na himthosca agus na critéir maidir le deonú díolúintí ó staidéar na Gaeilge.
Soláthraítear leis an suirbhé ar líne an deis do gach duine den phobal chun trácht breise a dhéanamhar na príomhathruithe molta, agus ar na dréachtchiorcláin leasaithe atá curtha i láthair agus ar na socruithe i gcoitinne dá mba mhian leo. Agus síneadh á chur leis an spriocdháta don tréimhse chomhairliúcháin go dtí an 18 Eanáir 2019, chuir mé méadú leis na deiseanna d’fhreagróirí chun faisnéis níos mionsonraithe i scríbhinn a sholáthar do Rannóg Bheartas, Churaclam agus Measúnacht mo Roinne dá mba mhian leo forlíonadh a chur lena n-aighneacht ar líne.
Chonacthas leibhéal spéise fíor-ard sa chomhairliúchán seo. Déanfar machnamh cúramach ar na freagraí chun socruithe a leasú agus a chríochnú maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge.