Glacadh leis an duine ainmnithe thuasluaite isteach i scéim GLAS 1 agus an 1 Deireadh Fómhair 2015 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá na híocaíochtaí ar fad faighte ag an té sin i leith na mblianta scéime 2015, 2016 agus 2017.
Maidir le híocaíocht i leith na bliana 2018, déantar seiceálacha riaracháin, a mbíonn roinnt rannóg laistigh den Roinn rannpháirteach iontu, maidir le gach éileamh GLAS. Ní mór do gach cás seiceálacha bailíochtaithe a shásamh sular féidir íocaíocht a eisiúint. Tá oifigigh na Roinne ag obair go réamhghníomhach chun na seiceálacha a thabhairt i gcrích. A luaithe a shásóidh an cás seo na seiceálacha bailíochtaithe, déanfar an réamhíocaíocht i leith 2018. Is ar bhonn seachtainiúil a eisítear íocaíochtaí GLAS. Bhí mo Roinn i dteagmháil le pleanálaí an iarratasóra maidir leis an gconradh GLAS.