Skip to main content
Normal View

Scéim Comhshaoil ​​Talmhaíochta Carbóin Glas Íseal

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 January 2019

Tuesday, 22 January 2019

Questions (501)

Éamon Ó Cuív

Question:

501. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar an deontas GLAS le feirmeoir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe; cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2843/19]

View answer

Written answers

Glacadh leis an duine ainmnithe isteach i scéim GLAS 3 agus an 1 Eanáir 2017 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá na híocaíochtaí ar fad a bhaineann le bliain scéime 2017 faighte ag an té sin.

Bhí moill ar réamhíocaíocht 2018 mar gheall ar fhadhb a bhain leis an éileamh Coimíneachta, atá anois réitithe. Cuirfear an t-iarratas ar aghaidh anois le seiceálacha eile bailíochta a dhéanamh air agus déanfar íocaíocht a eisiúint ach na seiceálacha sin ar fad a shásamh. Leantar le híocaíochtaí GLAS a eisiúint ar bhonn seachtainiúil.

Top
Share